D'oscail an tUachtarán Ó hUigínn taispeántas ina dtugtar aitheantas do shaol agus éachtaí an Chunta Paweł Strzelecki, taiscéalaí agus eolaí ón bPolainn, a tháinig ag obair go deonach in Éirinn le cabhrú leis an obair fóirithinte i rith an Ghorta.
D’fhorbair Strzelecki bealach nua cúnaimh, leanaí ocracha a bheathú trí líonra na scoileanna. Thug sé ciondáil laethúil bia do leanaí scoile ar fud iarthar na hÉireann, san áit is measa a bhí buailte ag an ngorta, fad is a tugadh éadach amach agus ar cuireadh sláinteachas bunúsach chun cinn freisin.