Taispeántas le 39 pictiúir ó thiomnacht Hugh Lane á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

Location: (Baile Átha Cliath) Dánlann Hugh Lane
{{ diary_page.title }}

Dé Luain, d'oscail an tUachtarán Ó hUigínn taispeántas de 39 pictiúr ó Thiomnacht Hugh Lane go hoifigiúil.

Eagraíodh an taispeántas chun comóradh a dhéanamh ar an athnuachan ar chonradh speisialta idir an Gailearaí Náisiúnta i Londain agus Gailearaí Hugh Lane i mBaile Átha Cliath.

Cuimsítear úinéireacht 39 saothar ealaíne a thiomnaigh Lane do Ghailearaí Náisiúnta Londan agus atá ar iasacht ag Gailearaí Hugh Lane sa chonradh.

 

 

Ina óráid, chuir an tUachtarán Ó hUigínn in iúl nárbh é seo ach an dara hócáid ar cuireadh tiomnacht iomlán Hugh Lane faoi dhíon Ghailearaí Hugh Lane – bhí an chéad ócáid ann in 2008 chun bunú an Ghailearaí céad bliain roimhe sin a cheiliúradh.

Previous engagement

Bhí an tUachtarán Ó hUigínn i láthair ag Cluichí Ceannais Sinsir Peile agus Iománaíochta na gClubanna i bPáirc an Chrócaigh

Fáiltiú  faoi scáth an Uachtaráin chun suiteáil Pangur Bán, dealbh le Imogen Stuart a cheiliúradh
Next engagement

Fáiltiú faoi scáth an Uachtaráin chun suiteáil Pangur Bán, dealbh le Imogen Stuart a cheiliúradh