Áitreabh nua ag FLAC á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán i ndáil lena gComóradh Cinn 50

Location: (Baile Átha Cliath) Sráid Dorset Uachtarach

(Baile Átha Cliath) Sráid Dorset Uachtarach

Dé Luain, 25th Feabhra 2019

{{ diary_page.title }}

Thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn cuairt ar oifigí nua FLAC, na hIonaid Saorchomhairle Dlí.

Nocht an tUachtarán plaic shearmanais i gcuideachta phríomhfheidhmeannach FLAC, Eilis Barry agus cathaoirleach FLAC Peter Ward AS agus bhuail sé le foireann agus saorálaithe na heagraíochta.

Bhí sé seo ar an gcéad cheann de shraith imeachtaí chun bunú FLAC 50 bliain ó shin a chomóradh.   

Tá an t-ionchuimsiú agus baint amach an chomhionannais ar cheann de dhearbhphrionsabail lárnacha an Uachtaráin Uí Uigínn, agus tá fáilte curtha aige roimh eagrais mar FLAC, atá ina chrann taca le fada an lá maidir le cúnamh dlí agus rochtain ar an gceart, agus a bhí lárnach i mbunú córas cúnaimh dhlí stáit.  

 

Sabina i láthair ag a chéad-léiriú in Éirinn - “A Girl from Mogadishu”
Previous engagement

Sabina i láthair ag a chéad-léiriú in Éirinn - “A Girl from Mogadishu”

Sabina i láthair ag Seó Faisin le Umit Kutlik
Next engagement

Sabina i láthair ag Seó Faisin le Umit Kutlik