An Chomhdháil EPIC ag lucht Fágála Cúraim á hoscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

Location: Caisleán Bhaile Átha Cliath
{{ diary_page.title }}

Thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an t-aitheasc oscailte ag comhdháil cheiliúrtha Lá Náisiúnta na bhFágálaithe Cúraim.

Ina aitheasc, thug an tUachtarán moladh do na daoine go léir a bhfuil an cúram á fhágáil ina ndiaidh acu in Éirinn, agus do na heagrais, leithéidí EPIC agus Fágálaithe Cúraim na hÉireann, as daoine óga a chumasú lena gceart chun páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí agus i gcinntí maidir lena bhfuil i ndán dóibh a dheimhniú.

Labhair an tUachtarán chomh maith faoin misneach agus faoin tiomantas a theastaíonn ó dhaoine óga agus agus a léiríonn siad agus iad ag fágáil an chórais chúraim ina ndiaidh; agus chuir sé i gcuimhne do na rannpháirtithe an dualgas atá orainn sochaí a thógáil a thugann aitheantas do dhínit dhúchasach a ball go léir, agus a thugann cead cainte do dhaoine leochaileacha agus do dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste. 

Is féidir téacs iomlán aitheasc an Uachtaráin a léamh trí chliceáil ar an nasc thíos.

An Banuasal Leonie Reynolds á ceapadh ina Breitheamh den Ard-Chúirt ag an Uachtarán
Previous engagement

An Banuasal Leonie Reynolds á ceapadh ina Breitheamh den Ard-Chúirt ag an Uachtarán

Tugann Sabina aitheasc tosaigh ag Comhdháil Bhliantúil Chumann na mBanchéimithe, COBÁC
Next engagement

Tugann Sabina aitheasc tosaigh ag Comhdháil Bhliantúil Chumann na mBanchéimithe, COBÁC