Seimineár ag Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, maidir le ”Beathú na Cruinne in 2050”

Location: Coláiste na hOllscoile, Belfield
{{ diary_page.title }}

Agus Siompóisiam Beartais Uachtaránachta de chuid an AE dar teideal ‘Feeding the World in 2050’ , a mhairfidh dhá lá i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, á oscailt aige, dúirt an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn go bhfuil an t-ocras seasta “ar cheann de na dúshláin is mó atá roimh an bpobal domhanda”.

Ina aitheasc, luaigh an tUachtarán gurb é “ an bhochtaineacht ainnis, atá méadaithe ag an éagothroime ollmhór, a mhaireann fós go scannalach, an phríomchúis leis an ocras”.  Chuir sé béim ar an dúshlán morálta agus eiticiúil is mó atá roimh an bpobal domhanda inniu, “an bhochtaineacht sin agus a hiarmhairtí a scrios.”   

Tá aitheasc an Uachtaráin ar fáil anseo.

Previous engagement

Failtíonn an tUachtarán roimh A.Sh. Ahmet Altay Cengizer, Ambasadóir na Tuirce go hÉireann

Next engagement

Fáiltíonn an tUachtarán roimh Gary Brannigan Uasal