Comórtas an Aontais Eorpaigh d’Eolaithe Óga á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

Location: Halla na Ceolchoirme, Cumann Ríoga na hÉireann, Baile Átha Cliath
{{ diary_page.title }}

Rinne an tUachtarán Ó hUigínn Comórtas d’Eolaithe Óga an AE  (CEOAE) a oscailt go hoifigiúil, taispeántas bliantúil den saothar is fearr eolaíochta atá déanta ag daltaí na hEorpa. 

Beidh sé ar siúl i mBaile Átha Cliath idir 14 – 19 Meán Fómhair, agus beidh  139 dalta ó 38 tír éagsúil ag cur i láthair 90 tionscadal.  

Tá an chéad duais buaite ag rannpháirtithe CEOAE i gcomórtais eolaíochta a dtíre dúchais roimhe seo; in Éirinn, is é an comórtas Taispeántas na nEolaithe Óga agus na Teicneolaíochta de chuid BT atá i gceist, agus is é an tUachtarán Ó hUigínn a osclaíonn é ag tús gach bliana.

(Cliceáil anseo chun tuilleadh sonraí a fháil faoi Thaispeántas na nEolaithe Óga agus na Teicneolaíochta, agus anseo chun eagrán na bliana 2017 a fháil).

Previous engagement

An tUachtarán agus Sabina i láthair ag a gcéad ceadal ó Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ, i dtaca le Clár na Bliana 2018 – 2019

Next engagement

An tUachtarán i láthair ag Cluiche Ceannais na hÉireann TG4 – Peil na mBan – idir Corcaigh agus Baile Átha Cliath