Taispeántas dar teideal “Henri Cartier-Bresson agus Éire” á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

Location: (Baile Átha Cliath) Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin
{{ diary_page.title }}

D'oscail an tUachtarán an taispeántas ‘Fócas ar Éirinn: Na 1950idí i nGrianghraif’, taispeántas mór de ghrianghraif  a tógadh ar fud na hÉireann sna 1950idí agus nár chonacthas ach go hannamh roimhe seo.

Déantar an tslí a léirigh triúr grianghrafadóirí, ón Fhrainc agus ó Mheiriceá Thuaidh, a iniúchadh.

Tá 50 íomhá le Henri Cartier-Bresson, a tógadh i mBaile Átha Cliath, Cill Dara, an Iarmhí, Gaillimh, Ciarraí, Corcaigh, Tiobraid Árann, Port Láirge agus Loch Garman idir  1952 agus 1962 sa taispeántas, 30 íomhá le Robert Cresswell, an t-antraipeolaí Meiriceánach a bhí lonnaithe i bPáras agus a chaith os cionn bliana ina chónaí i gCinn Mhara in 1955 agus 1956, agus arís in 1957 agus 1958, é i mbun oibre ar a shaothar Une Communauté Rurale de l’Irlande agus 25 íomhá leis an ngrianghrafadóir Meiriceánach Dorothea Lange, a tógadh i gContae an Chláir in 1954.

An tUachtarán i láthair ag céad-léiriú domhanda an “Valley of the Squinting Windows”
Previous engagement

An tUachtarán i láthair ag céad-léiriú domhanda an “Valley of the Squinting Windows”

Searmanas ar scáth an Uachtaráin um Ghradaim Scothsheirbhíse
Next engagement

Searmanas ar scáth an Uachtaráin um Ghradaim Scothsheirbhíse