Cuireann an tUachtarán Crann, mar chuid den tionscadal “Giants Grove”

Location: Caisleán Bhiorra, Uíbh Fhailí
{{ diary_page.title }}

Sheol an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an tionscadal 'Garrán na bhFathach', an garrán is mó sa domhan de chrónghiúisí ollmhóra taobh amuigh de California. Is tionscnamh de chuid úinéirí Chaisleán Bhiorra, An Tiarna agus an Bhantiarna Rosse, i gcomhar le 'Crann – Crainn d’Éirinn' atá i bplandáil na gcrónghiúisí, agus cuirfear gach crann ar leith in ainm duine den diaspóra Éireannach – daoine atá ina gcónaí thar lear, chomh maith le daoine atá ina gcónaí anseo anois.   

Chuir an tUachtarán crann agus chonaic sé searmanas gearr ina raibh tionlacan ceoil. 

Taispeántas dar teideal "Portrait of a Century" á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán
Previous engagement

Taispeántas dar teideal "Portrait of a Century" á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

Next engagement

An tUachtarán i láthair ag cluiche leathcheannais Rugbaí do Chorn na gCuradh, ag Cumainn Gairmiúla..