Gradaim Óir Gaisce á mbronnadh ag an Uachtarán

Location: (Laois) An Príosún Lár Tíre

Tabharfaidh an tUachtarán Ó hUigínn cuairt ar an bPríosún Lár Tíre chun Gradam Órga a bhronnadh ar cheann de rannpháirtithe Ghaisce.

Tá an tUachtarán Ó hUigínn tar éis a bheith ag spreagadh Gaisce le béim níos mó a chur ar chaidreamh a bhunú le fir agus mná óga atá faoi mhíbhuntáiste, tríd an gclár “Dúshlán an Uachtaráin” a leathnú chun daoine atá faoi choinneáil agus in ionaid soláthar díreach a chuimsiú.

Thug an tUachtarán cuairt ar an bpríosún cheana chun gradaim a bhronnadh ar rannpháirtithe i nGaisce. Bhronn sé gradaim Ghaisce freisin in Ionad Oscailte Theach an Locháin i gContae an Chabháin agus ar Champas Coinneála Páistí Bhaile an Oibricigh, agus i mí an Mheithimh i mbliana thug sé cuireadh d’ionadaithe ó Sheirbhís Phríosúin na hÉireann agus ó Ghaisce chuig Áras an Uachtaráin, chun an comhoibriú atá ag fás idir an dá eagraíocht a chomóradh. 


Related Events:

Fáiltíonn an tUachtarán roimh Adam Kelly, Buaiteoir sa Chomórtas d’Eolaithe Óga BT 2019
Previous engagement

Fáiltíonn an tUachtarán roimh Adam Kelly, Buaiteoir sa Chomórtas d’Eolaithe Óga BT 2019

Fáiltíonn an tUachtarán roimh Fhoireann na hÉireann a ghlac páirt sa Chomórtas um Scileanna Domhanda do phrintísigh agus do dhaoine faoi oiliúint
Next engagement

Fáiltíonn an tUachtarán roimh Fhoireann na hÉireann a ghlac páirt sa Chomórtas um Scileanna Domhanda do phrintísigh agus do dhaoine faoi oiliúint