Bronnann an tUachtarán Boinn Óir Sheáin Uí Riada ar an gcláirseoir Fionnuala Donlon agus an píobaire Colm Broderick

Location: Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

Bhronn an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn Bonn Óir Seán Ó Riada ar an bpíobaire Colm Broderick as Ceatharlach, agus ar an gcruitire Fionnuala Donlon, as Dún Dealgan i gCo. Lú, ag searmanas speisialta in Áras an Uachtaráin Dé Máirt.  Tá sé caoga bliain i mbliana ó cailleadh an ceoltóir agus an cumadóir Seán Ó Riada, agus is comhartha ómóis agus aitheantais a bhí sa searmanas ar thábhacht ollmhór oidhreacht an Riadaigh.  Ba aitheantas a bhí ann freisin ar a dhúslánaí is a bhí sé do cheoltóirí agus do lucht na n-ealaíon tré chéile le bliain go leith anuas de bharr na paindéime.   

Chas na ceoltóirí don Uachtarán, agus ansin bronnadh na boinn óir orthu, a bhfuil a gcuid ainmneacha greanta orthu. 

Reáchtálann Peadar Ó Riada Comórtas Bhonn Óir Seán Ó Riada go bliantúil ar a chlár Cuireadh chun Ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.  

Ceapann an tUachtarán an Breitheamh Uasal Donal O’Donnell mar an Príomh-Bhreitheamh nua
Previous engagement

Ceapann an tUachtarán an Breitheamh Uasal Donal O’Donnell mar an Príomh-Bhreitheamh nua

Cuireann an tUachtarán fáilte roimh bhaill Chumann Staire Cheantar Bhaile Brigín ar chuairt chúirtéise
Next engagement

Cuireann an tUachtarán fáilte roimh bhaill Chumann Staire Cheantar Bhaile Brigín ar chuairt chúirtéise