Bronnann an tUachtarán Gradaim Seirbhíse Dearscna an Uachtaráin

Location: Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

Ag searmanas in Áras an Uachtaráin bronnfar an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn Gradaim Seirbhíse Dearscna an Uachtaráin 2024.

Bronnann an tUachtarán na Gradaim gach bliain, mar aitheantas ar an tseirbhís a thugann daoine a bhfuil cónaí orthu lasmuigh d'Éirinn don tír seo, nó do phobail Éireannacha thar lear.

Cruthaíodh na Gradaim in 2011, mar bhealach chun aitheantas a thabhairt don méid a rinne baill de dhiaspóra na hÉireann, agus bhronn an tUachtarán Ó hUigínn na chéad ghradaim in 2012.

Le linn a théarma oifige, leag an tUachtarán Ó hUigínn béim ar nádúr domhanda oidhreacht chultúrtha na hÉireann, ar thábhacht an diaspóra agus ar an stair agus ar an bhféiniúlacht choiteann a roinnimid "in ainneoin na dteorainneacha, na n-aigéan agus na mílte a d'fhéadfadh muid a scaradh óna chéile".

Previous engagement

Freastalaíonn an tUachtarán ar bhabhta ceannais Chomórtas Amhránaíochta Idirnáisiúnta Veronica Dunne

Next engagement

Freastalaíonn an tUachtarán agus Saidhbhín ar shochraid an Uasail Michael George Longley, Ar dheis Dé go raibh a anam.