Barántas a gceapacháin á mbronnadh ag an Uachtarán ar chomhaltaí nuacheaptha na Comhairle Stáit

Location: (Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

Thug cuireadh do chomhaltaí nua na Comhairle teacht chuig Áras an Uachtaráin.

Is comhlachas an Chomhairle Stáit a bunaíodh faoin mBunreacht a bhfuil sé mar aidhm aige cabhair a thabhairt don Uachtarán.  

Faoi réir Airteagal 31, “Beidh Comhairle Stáit ann chun cabhair is comhairle a thabhairt don Uachtarán i dtaobh gach ní dá gcuirfidh an tUachtarán ina gcomhairle maidir le hé d’oibriú is do chomhlíonadh na gcumhachtaí is na bhfeidhmeanna a luaitear sa Bhunreacht seo a bheith inoibrithe is inchomhlíonta aige tar éis comhairle a ghlacadh leis an gComhairle Stáit...” 

Éilítear sa Bhunreacht nach foláir do gach comhalta den Chomhairle Stáit, an chéad uair a bheidh sé/sí ar thionól den Chomhairle sin ina chomhalta di, an dearbhú seo a leanas a dhéanamh agus lámh a chur leis: “I láthair Dia na nUilechumhacht, táimse, (ainm), á ghealladh agus á dhearbhú go sollúnta agus go fírinneach mo dhualgais i mo chomhalta den Chomhairle Stáit a chomhlíonadh go dílis agus go coinsiasach.”

Previous engagement

Fáiltíonn an tUachtarán roimh údair Atlas de Bhailte Stairiúla na hÉireann uimh. 29 an ARÉ

Fáiltíonn an tUachtarán roimh thoscaireacht ó Chomhdháil na Stát Aontaithe
Next engagement

Fáiltíonn an tUachtarán roimh thoscaireacht ó Chomhdháil na Stát Aontaithe