Cuireann an tUachtarán fáilte roimh Ambasadóir Ríocht na Beilge H.E. Pierre-Emmanuel De Bauw Uasal ar chuairt chúirtéise chun slán a fhágáil

Location: (Dublin) Áras an Uachtaraín
{{ diary_page.title }}

Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh Ambasadóir na Beilge, Pierre-Emmanuel De Bauw, a bhí ar cuairt chúirtéise chuig Áras an Uachtaráin agus slán á fhágáil aige.

Ar theacht dóibh go hÉirinn, agus sular féidir leo tabhairt faoina gcuid dualgas, ní mór d’Uachtarán na hÉireann fáilte a chur rompu go hoifigiúil. Déantar ambasadóirí a chreidiúnú go hoifigiúil le dul ag obair in Éirinn a luaithe is a ghlacann an tUachtarán lena ndintiúir.

Nuair a shroicheann ambasadóirí deireadh a dtéarma, tugann an tUachtarán cuireadh dóibh teacht ar chuairt chúirtéise chuig Áras an Uachtaráin le buíochas a ghlacadh leis na hambasadóirí as a gcuid seirbhíse, le héisteacht lena dtaithí ar Éirinn agus le plé a dhéanamh ar thuairimí an ambasadóra atá ag imeacht ar cheisteanna atá bainteach leis an gcaidreamh déthaobhach.

Buaileann an tUachtarán leis an Aire Eamon Ryan chun an tionscadal Tellus a phlé
Previous engagement

Buaileann an tUachtarán leis an Aire Eamon Ryan chun an tionscadal Tellus a phlé

An tUachtarán i láthair ag an Lá Bliantúil Cuimhneacháin Náisiúnta
Next engagement

An tUachtarán i láthair ag an Lá Bliantúil Cuimhneacháin Náisiúnta