Fáiltíonn An tUachtarán roimh Cheannairí na gCeardchumann ó Stáit Aontaithe Mheiriceá ar chuairt chúirtéise

Location: Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

Cuirfidh an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh thoscaireacht Cheannairí Ceardchumann ó SAM chuig Áras an Uachtaráin ar ghlaoch cúirtéise.

Tá toscaireacht cúigear ceannairí ceardchumainn is tríocha, lena n-áirítear Uachtaráin Ghinearálta ó ocht gcinn de na ceardchumainn is mó sna Stáit Aontaithe, á hóstáil ag Ionad Cuairteoirí Shéamais Uí Chonghaile le linn a gcuairte ar Éirinn.

D'oscail an tUachtarán Ó hUigínn Áras Uí Chonghaile, Ionad Cuairteoirí Shéamais Uí Chonghaile, go hoifigiúil i mí Aibreáin 2019.
 

Previous engagement

An tUachtarán i láthair ag cluiche Sraith na Náisiún UEFA idir Éire agus Sasana

Next engagement

Cuireann Ambasadóirí a nDintiúr i láthair