Cuireann an tUachtarán fáilte roimh A. S. Claire D. Cronin, Ambasadóir Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar Chuairt Chúirtéise le slán a fhágáil

Location: Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

Cuirfidh an tUachtarán fáilte roimh A. S. Claire D. Cronin, Ambasadóir Stáit Aontaithe Mheiriceá, go hÁras an Uachtaráin ar Chuairt Chúirtéise le slán a fhágáil.

Ar theacht go hÉirinn dóibh, agus sular féidir leo a gcuid dualgas a chomhlíonadh, ní mór d'Uachtarán na hÉireann fáilte oifigiúil a chur roimh ambasadóirí nua. Tá ambasadóirí creidiúnaithe go hoifigiúil d'Éirinn ón bpointe a nglacann an tUachtarán lena nDintiúr.

Ag deireadh a dtéarma, cuireann an tUachtarán fáilte roimh na hAmbasadóirí ar Chuairt Chúirtéise go hÁras an Uachtaráin, lena bhuíochas a ghabháil leo, le cloisteáil uathu faoina dtaithí in Éirinn agus le plé a dhéanamh ar thuairimí an Ambasadóra ar chúiseanna a bhaineann lenár gcaidrimh déthaobhacha.

An Taispeántas um Theicneolaíocht agus Eólaí Óg, 2025 á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán
Previous engagement

An Taispeántas um Theicneolaíocht agus Eólaí Óg, 2025 á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

Buaileann Saidhbhín le daltaí ó Phobalscoil Ghuaire
Next engagement

Buaileann Saidhbhín le daltaí ó Phobalscoil Ghuaire