Faigheann an tUachtarán Dochtúireacht Oinigh ó Ollscoil Mhanchain

Location: Whitworth Gallery, Ollscoil Mhanchain, Manchain, Sasana
{{ diary_page.title }}

Tráthnóna inniu, bronnfaidh Seansailéir Ollscoil Mhanchain, Nazir Afzal OBE, Céim Dochtúra Litreacha honoris causa ar an Uachtarán Ó hUigínn mar aitheantas ar an méid a chuir sé go mór leis an litríocht agus leis an saol poiblí. 

Is é an tOllamh John McAuliffe, Léitheoir sa Nualitríocht agus sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach agus Comhstiúrthóir an Ionaid Scríbhneoireachta Nua san Ollscoil, a léifidh an lua.

Beidh an searmanas bronnta, le dinnéar in onóir an Uachtaráin, ar siúl i nGailearaí Ealaíne Whitworth, atá mar chuid den Ollscoil. Beidh Uachtarán agus Leas-Seansailéir na hOllscoile, an tOllamh Bantiarna Nancy Rothwell, i láthair ag an searmanas.

Previous engagement

Faigheann an tUachtarán iar-Spéicéir Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe, Nancy Pelosi ar ghlao cúirtéise

Next engagement

Léacht tionscnaimh de Shraith Léachtaí John Kennedy tugtha ag an Uachtarán