Bronnann Ollscoil na hAstráile Céim Dochtúrachta Oinigh ar an Uachtarán

Location: Ollscoil na hAstráile Thiar, Perth
{{ diary_page.title }}

Ar an 10 Deireadh Fómhair, bhronn Ollscoil na hAstráile Thiar céim oinigh Dochtúireachta sa Dlí ar an Uachtarán Ó hUigínn.

Tar éis an bhronnta, rinne an tUachtarán agus Saidhbhín freastal ar cheolchoirm , 'Another Sense of Ireland'. 

Léiríodh an cheolchoirm ‘A Sense of Ireland’ mar chuid de chomórthaí céad bliain 1916 agus léiríodh den chéad uair ar stáitse é ar an 30 Aibreán 2016 san Octagon Theatre in Perth. Léiríodh é faoi choimirce Chumann Oidhreachta na hAstráile-Éireann, agus ba é Frank Murphy a cheap agus a stiúir é. Ba cheiliúradh ar oidhreacht shaibhir na hÉireann sa cheol, amhránaíocht, drámaíocht, filíocht, véarsaíocht agus damhsa a bhí sa léiriúchán agus bhí daoine tallannacha áitiúla as an Astráil Thiar páirteach ann, idir dhaoine de dhúchas na hÉireann agus dhaoine de shliocht Éireannach.

Previous engagement

Buaileann an tUachtarán leis an Ró-Onórach Mark Mc Gowan, MLA, Príomh-Aire na hAstráile Thiar

An tUachtarán i láthair ag cruinniú leis an Ró-Onórach Daniel Andrews, MP, Príomh-Aire Victoria
Next engagement

An tUachtarán i láthair ag cruinniú leis an Ró-Onórach Daniel Andrews, MP, Príomh-Aire Victoria