Fáiltíonn an tUachtarán roimh a Mórgacht Ríoga, an Banphrionsa Anne, ar Chuairt Chúirtéise

Location: Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

Fuair an tUachtarán Ó hUigínn a Mórgacht Ríoga an Banphrionsa Anne, an Banphrionsa Ríoga, ar chuairt chúirtéise ag Áras an Uachtaráin.

Ag an gcruinniú a bhí acu, d’aithin an Banphrionsa Ríoga an méid a chuir an tUachtarán Ó hUigínn le saol poiblí na hÉireann le fada an lá agus é ag druidim le deireadh a dhara téarma agus a théarma deiridh, agus neart agus luach an chaidrimh idir Éire agus an Ríocht Aontaithe.

Previous engagement

Fáiltíonn an tUachtarán roimh an Ró-Onórach Hilary Benn, MP, Státrúnaí Thuaisceart Éireann

Next engagement

Freastalaíonn an tUachtarán ar Chluiche Ceannais Sinsear Camógaíochta Uile-Éireann 2025