Fáiltíonn an tUachtarán roimh Lee Nak-yeon, Uasal, Príomh-Aire na Cóiré, ar chuairt chúirtéise

Location: Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

Chuir an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn fáilte roimh Phríomh-Aire Phoblacht na Cóiré, an tUasal Lee Nak-yeon.

Bhí sé seo ar an gcéad chruinniú ardleibhéil ó ionadaí na Cóiré le os cionn cúig bliana agus ar an gcéad uair ó 1990 a thug Príomh-Aire ón gCóiré cuairt ar Éirinn.

Thapaigh an tUachtarán agus an Príomh-Aire an deis chun na ceangail fhadbhunaithe agus sheasmhacha idir muintir na hÉireann agus muintir na Cóiré a athdhearbhú, agus chun raon leathan ceisteanna a bhaineann leis an gcaidreamh déthaobhach idir Éire agus An Chóiré, ceangail na hÉireann le stair na Cóiré, forbairtí ar leithinis na Cóire le gairid, agus fadhbanna domhanda, an t-athrú aeráide ina measc, a phlé.

Cuairt an Uachtaráin ar an Lárionad um Fhilíocht Seamus Heaney, Bellaghy
Previous engagement

Cuairt an Uachtaráin ar an Lárionad um Fhilíocht Seamus Heaney, Bellaghy

Tugann an tUachtarán Léacht Bhliantúil Harri Holkeri, 2018
Next engagement

Tugann an tUachtarán Léacht Bhliantúil Harri Holkeri, 2018