Failtíonn an tUachtarán roimh an Banuasal Dunja Mijatovic, Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine

Location: (Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

D’fháiltigh an tUachtarán roimh an Uasal Dunja Mijatovic, Coimisinéir um Chearta an Duine i gComhairle na hEorpa, ag Áras an Uachtaráin.

Thogh Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa an tUasal Mijatović mar Choimisinéir um Chearta an Duine in Eanáir 2018 agus ghlac sí lena post ar an 1 Aibreán 2018. Is í an ceathrú Choimisinéir í, ag teacht i gcomharbacht ar Nils Muižnieks (2012-2018), Thomas Hammarberg (2006-2012) agus Alvaro Gil-Robles (1999-2006). 

Tá cur chun cinn na gcearta daonna ina théama tábhachtach i rith ghairm bheatha an Uachtaráin Uí Uigínn, agus mar Uachtarán na hÉireann, d’oibrigh an tUachtarán Ó hUigínn chun tábhacht an chur chuige bunaithe ar chearta i leith déanamh beartais dhomhanda mar ghné lárnach d’iarrachtaí le dul i ngleic le dúshláin mhór ár linne a léiriú. 

Previous engagement

An tUachtarán i láthair ag léiriú den “Quare Fellow” le Brendan Behan

Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin d’fhonn eipidéim an oll-fliú 1918 – 1919, a chomóradh
Next engagement

Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin d’fhonn eipidéim an oll-fliú 1918 – 1919, a chomóradh