Fáiltíonn an tUachtarán roimh Chlann Mhic Réamoinn ar chuairt chúirtéise Áras an Uachtaráin

Location: Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh Brian Redmond, Uasal, Colette Redmond, Uasal agus Chloe Redmond, a thug cuairt chúirtéise air; thaispeáin siad doiciméid agus grianghraif ó bhailiúchán cuimhneacháin a muintire ó chomhráite an Chonartha i Londain in 1921 don Uachtarán. 

Bhí seanaintíní an Uasail Redmond, Ellie agus Alice Lyons, ina rúnaithe ag Mícheál Ó Coileáin agus ina dhiaidh sin ag Risteard Ó Maolchatha, agus bhí siad lonnaithe in Hanns Place nuair a bhí na comhráite ar siúl.

I measc na ndoiciméad a taispeánadh don Uachtarán bhí grianghraif phortráide shínithe de Mhicheál Ó Coileáin agus Risteard Ó Maolchatha, leabhar gearrthóg ina raibh gearrthóga as nuachtáin na tréimhse, bunchóipeanna de ghrianghraif éagsúla, leabhair shínithe idirbheartaithe an Chonartha, agus biachlár an dinnéir cheiliúrtha ar an oíche ar aontaíodh an Conradh atá sínithe ag gach duine a bhí i láthair.

Fáiltíonn an tUachtarán roimh an Dochtúir Connal Parr, Léachtóir Staire ó Ollscoil Northumbria ar chuairt chúirtéise
Previous engagement

Fáiltíonn an tUachtarán roimh an Dochtúir Connal Parr, Léachtóir Staire ó Ollscoil Northumbria ar chuairt chúirtéise

Fáiltíonn an tUachtarán roimh an Uasal Vincent Woods are chuairt chúirtéise Áras an Uachtaráin
Next engagement

Fáiltíonn an tUachtarán roimh an Uasal Vincent Woods are chuairt chúirtéise Áras an Uachtaráin