Fáiltíonn an tUachtarán roimh ionadaithe ó Justice for the Forgotten

Location: Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

Chuir an tUachtarán fáilte roimh bhaill 'Justice for the Forgotten', eagras atá i mbun feachtais chun fiosrúchán a dhéanamh faoi chlaonpháirteachas atá curtha i leith an stáit Bhreatanaigh i mbuamáil na bliana 1974 i mBaile Átha Cliath agus Muineachán.

Maraíodh triúr agus tríocha agus gortaíodh beagnach 300 duine nuair a pléascadh na buamaí gan aon rabhadh in 1974.

Ina aitheasc don ghrúpa, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn go gcaithfear níos mó a dhéanamh chun déileáil le hiarmhairt sléachtanna uafásacha, buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin ina measc. “Ní féidir glacadh le straitéis na díchuimhne” dúirt an tUachtarán. “ Níl sé inghlactha iarraidh ar dhaoine an t-am atá caite a ligean i ndearmad agus ‘bogadh ar aghaidh’, ó thaobh na moráltachta de agus níl sé inoibrithe ó thaobh na polaitíochta de”.

Is féidir leat téacs iomlán aitheasc an Uachtaráin a léamh anseo.

Previous engagement

Fáiltíonn an tUachtarán roimh ionadaithe ó Lilliput Press

Next engagement

Caitheann an tUachtarán vóta sa Toghchán Rialtais Áitiúil, agus sa Toghchán do Pharlaimint na hEorpa