Fáiltíonn an tUachtarán roimh ionadaithe ón bhFóram Domhanda maidir le Frithbhulaíocht, 2019

Location: Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

Dé Máirt, bhuail an tUachtarán le hionadaithe an Fhóraim Dhomhanda um Fhrithbhulaíocht 2019.

Beidh an Fóram i mbun oibre i mBaile Átha Cliath i mí an Mheithimh 2019, agus tiocfaidh sé i ndiaidh an chéad Fhóraim Dhomhanda um Fhrithbhulaíocht a bhí ar siúl i Stockholm i mí Bealtaine 2017. Is é aidhm an Fhóraim tuiscint a mhéadú ar an mbulaíocht, ar an gciapadh, ar an leithcheal agus ar leaganacha eile de ghníomhartha míthrócaireacha agus foréigneacha i measc páistí agus na hóige.

Tá an tUachtarán Ó hUigínn tar éis labhairt amach in aghaidh na bulaíochta roimhe seo, agus dúirt sé go mbíonn tionchar millteach ag an bhforéigean agus ag an mbulaíocht ar shaol daoine agus go gceiltear a ndínit orthu. Le linn a chuairteanna ar scoileanna ar fud na tíre, luaigh an tUachtarán an tionchar millteach is féidir a bheith ag an mbulaíocht ar shaol duine. 

Fáiltiú le Tae Beag, ar scáth an Uachtaráin
Previous engagement

Fáiltiú le Tae Beag, ar scáth an Uachtaráin

Fáiltíonn an tUachtarán roimh Phríomh-Aire na hEastóine ar chuairt chúirtéise
Next engagement

Fáiltíonn an tUachtarán roimh Phríomh-Aire na hEastóine ar chuairt chúirtéise