Buaileann an tUachtarán le teachtaí ó Chomdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt

Location: Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

Labhair an tUachtarán Ó hUigínn le grúpa daoine atá páirteach sa Chlár Bainistiú Calafoirt de chuid UNCTAD dar teideal TrainForTrade.
Bhuail 17 bainisteoir shinsearacha ón ngréasán calafort, atá rannpháirteach sa chlár agus ina labhraítear an Béarla (An Indinéis, Gána, An Mhalaeisia, An Nigéir agus na hOileáin Fhilipíneacha), chomh maith le calafoirt ionchais (an tSeirbia) agus iarbhaill (An Namaib), le chéile i mBaile Átha Cliath chun a dtaithí agus a n-eolas ar bhainistiú calafoirt nua-aoisigh a chomhroinnt.  

Dúirt an tUachtarán “Mar náisiún oileánach atá ag brath beagnach go hiomlán ar an trádáil idirnáisiúnta, tá a fhios againn in Éirinn an luach agus an tábhacht atá ar ár gcalafoirt agus ar na daoine go léir atá ag obair iontu." 

Eochracha na Cathrach á mbronnadh ar an Uachtarán ag Méara Kaunas
Previous engagement

Eochracha na Cathrach á mbronnadh ar an Uachtarán ag Méara Kaunas

Next engagement

Fáiltíonn an tUachtarán roimh Jean Claude Juncker, Uasal, ar chuairt chúirtéise