Thug an tUachtarán Ó hUigínn cuairt ar Lios Tuathail, chun ceiliúradh a dhéanamh ar chomh maith is a d’éirigh leis an mbaile i gcomórtas na mbailte slachtmhara.
Nochtaigh an tUachtarán plaic chun comóradh a dhéanamh ar an mbua, agus chun ómós a léiriú d’oibrithe deonacha agus do ghrúpaí pobail an bhaile.
Gach bliain, tugann an tUachtarán ómós do chomórtas na mBailte Slachtmhara. Tugann sé cuairt ar an mbaile a bhuann agus buaileann sé leis na hoibrithe deonacha a bhfuil an smaointe agus a dtiomantas i gcroílár an tionscnaimh.
Féadfaidh tú óráid an Uachtaráin a léamh, nó éisteacht léi trí chliceáil ar na táib thuas.