Plaic in ómós do Richard Turner á nochtadh ag an Uachtarán

Location: Garraithe Náisiúnta na Lus, Glas Naíon, Baile Átha Cliath
{{ diary_page.title }}

Ar an 8 Márta 2018, thug an tUachtarán agus Saidhbhín Bean Uí Uigínn cuairt ar Gharraithe Náisiúnta na Lus chun plaic a nochtadh a chomórann Richard Turner.

Ba dhearthóir nuálach sa 19ú céad a bhí i Richard Turner agus bhí cáil air ar fud na hEorpa as cáilíocht ard agus sonraí ornáideacha a thithe gloine. 

Rinne Oifig na nOibreacha Poiblí athchóiriú dílis sa bhliain 1994 ar an Raon Cuarlíneach i nGarraithe Náisiúnta na Lus a dhear Turner. 

B’athchóiriú nuálach agus ceannródaíoch a bhí ann ó thaobh na heolaíochta de, agus forbraíodh cuid mhaith teicnící go sonrach le linn an tionscadail.

Bhí an tUachtarán Ó hUigínn ina Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta ag an am agus ba é a Roinn sin a rinne maoirseacht ar mhaoiniú an athchóirithe.

Rinne an tAire Ó hUigínn ag an am an ócáid oscailte poiblí a chomóradh agus crann caithne á chur aige gar don láthair. 

Previous engagement

I ndáil le Lá Idirnáisiúnta na mBan, is í Sabina an Aoi Oinigh ag ócáid sa Cheoláras Náisiúnta chun

Next engagement

Fáiltíonn an tUachtarán roimh Chaitríona Perry a bhronnfaidh cóip dá saothair “In America” air