Thug an tUachtarán Ó hUigínn cuairt ar an gClochán, chun saothar ealaíne de chuid Maree Hensey agus Mark Ryan a nochtadh.
Rinneadh an píosa ealaíne a shuiteáil i dtailte Scoil Phobail an Chlocháin, a bunaíodh tar éis scoil na mBráithre Proinsiasacha agus scoil Shiúracha na Trócaire a chomhcheangal. Osclaíodh foirgneamh nua na scoile i mí Mheán Fómhair 2018, agus cuireadh 1% den chostas tógála i leataobh i gcomhair an tionscadail ealaíne.
Dúirt an tUachtarán gur “croílár spioradálta Fhéile Ealaíne an Chlocháin” a bhí sa scoil – an fhéile ealaíon phobail is faide atá á rith in Éirinn.