Plaic chomórtha chun ómós a thabhairt do Leonard Cohen - “Made of Athy” - á nochtadh ag an Uachtarán

Location: (Cill Dara) Baile Átha Í

Nochtfaidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn plaic i gcuimhne ar Leonard Cohen.

Is cuid den tionscadal “Made of Athy” , a thugann onóir do dhaoine a bhfuil ceangal acu leis an mbaile i gContae Chill Dara, atá sa phlaic. Tá tacaíocht ag an tionscadal, a dhéanann ceiliúradh ar bhraistint áite agus pobail sa bhaile, ó Oifig Ealaíon Chomhairle Chill Dara.

‘Sé an ceangal atá ag an amhránaí Ceanadach, nach maireann, le Baile Átha Í an comhshaothar a rinne sé le John MacKenna agus script an dráma ‘Between Your Love and Mine’ á scríobh.

I mí na Samhna 2016, thug an tUachtarán Ó hUigínn ómós do Leonard Cohen (féach https://president.ie/ga/ilmheain-agus-oraidi/eisiuinti-nuachta/statement-by-president-michael-d.-higgins-on-the-death-of-leonard-cohen) agus tá tagairt déanta aige san iliomad óráidí dá chuid do liricí an chumadóra amhrán.

Previous engagement

President attends Lyric FM 20th Anniversary concert

An tUachtarán i láthair ag meaits tástála idir Éire agus Sasana
Next engagement

An tUachtarán i láthair ag meaits tástála idir Éire agus Sasana