Dealbh á nochtadh ag an Uachtarán le comóradh a dhéanamh ar shaol agus obair Big Tom Mc Bride

Location: Baile na Lorgan, Muineachán

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn faoi bhás Big Tom McBride

“Is le brón a chloisfidh na daoine sin, a bhfuil an-dúil acu i gceol na hÉireann agus a thugann tacaíocht dó, faoi bhás Big Tom McBride.

Mar dhuine de na hamhránaithe ba tharraingtí agus ba mhó tionchar i gceol tíre na hÉireann, bhí meas forleathan ar Big Tom agus tá oidhreacht bhuan fágtha aige tar éis caoga bliain caite aige ag gabháil don cheol.  

Cuimhneofar le gean ar a ainm i measc na ndaoine sin a d’éisteadh leis agus a dhéanadh damhsa lena chuid ceoil le linn na n-oícheanta flaithiúla a chuir sé féin agus a bhanna ceoil ar siúl ar fud na hÉireann.

Bhí pearsantacht mhór aige agus é ar dhuine de na réalta ceoil tíre ba mhó sa tír agus is fearrde saol ceoil na hÉireann a ghrá don cheol agus a phaisean agus a scil.  

Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá theaghlach Thomas, Dermot, Aisling agus Siobhán, dá chlann agus dá chairde agus don iliomad daoine sa bhaile agus i gcéin ar thaitin an fear agus a cheol leo.”

Chuir an tUachtarán failte roimh POF Qantas, an tUasal Alan Joyce, chuig Áras an Uachtaráin
Previous engagement

Chuir an tUachtarán failte roimh POF Qantas, an tUasal Alan Joyce, chuig Áras an Uachtaráin

Tugann an tUachtarán léacht tionscnaimh de hÍde in Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath, léacht dar teideal “The Legacy of Douglas Hyde”
Next engagement

Tugann an tUachtarán léacht tionscnaimh de hÍde in Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath, léacht dar teideal “The Legacy of Douglas Hyde”