Cuairt an Uachtaráin ar Leabharlann na Cabraí d’fhonn aitheantas a thabhairt don tabhartas – cnuasach leabhar – a bronnadh ar Sheirbhís na Leabharlann Poiblí

Location: (Baile Átha Cliath) Leabharlann na Cabraí
{{ diary_page.title }}

Thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn cuairt ar leabharlann phoiblí na Cabraí chun leabhair óna bhailiúchán pearsanta féin a bhronnadh ar Sheirbhís Leabharlainne Poiblí na hÉireann.

Bhronn an tUachtarán os cionn 700 leabhar ar an tSeirbhís Leabharlainne Poiblí, ag Leabharlann na Cabraí atá mar chuid de líonra náisiúnta na leabharlann poiblí, ‘Leabharlanna Éireann’.

Áiríodh i measc na leabhair a bronnadh, leabhair a cheannaigh an tUachtarán agus roinnt eile a thug a n-údair don Uachtarán Ó hUiginn mar bhronntanais.

Beidh formhór na leabhar ar fáil don phobal le tógáil ar iasacht ag leabharlanna ar fud na tíre, fad is a chuirfear roinnt de na leabhair a bhfuil inscríbhinní pearsanta orthu ar fáil mar thagairt.

I rith a ghairme, thacaigh an tUachtarán go láidir le seirbhísí poiblí agus spásanna poiblí, agus léiríonn a thacaíocht don líonra leabharlann freisin a thiomantas do sheirbhísí agus eagraíochtaí a chuireann oideachas chun cinn.

An tUachtarán i láthair ag Cluiche FAI idir Foireann Peile Dhún Dealgan agus Ruaigirí na Seamróige, i ndáil le Corn an Uachtaráin
Previous engagement

An tUachtarán i láthair ag Cluiche FAI idir Foireann Peile Dhún Dealgan agus Ruaigirí na Seamróige, i ndáil le Corn an Uachtaráin

An tUachtarán i láthair ag seoladh i ndáil leis an nua-eispéireas cuartaíochta in Stiúideo Taifeadta Lána an Mhuillinn Ghaoithe
Next engagement

An tUachtarán i láthair ag seoladh i ndáil leis an nua-eispéireas cuartaíochta in Stiúideo Taifeadta Lána an Mhuillinn Ghaoithe