An tUachtarán ar cuairt ar Leacht Cuimhneacháin na Sufraigéidí

Location: Christchurch Gardens, London
{{ diary_page.title }}

Thug an tUachtarán cuairt ar Leacht Cuimhneacháin na Sufraigéidí i nGairdíní Christchurch Londan. 

Déanann an dealbh chré-umha comóradh ar na mná a throid ar son ceart vótála do mhná. 


Tá sé céad bliain, i mbliana, ó fuair mná na hÉireann an ceart vótála agus an ceart le seasamh i dtoghcháin. Tar éis na scórtha bliain i mbun feachtais, fuair roinnt ban sa Bhreatain Mhór agus in Éirinn – iad siúd a bhí os cionn 30 bliain d’aois a raibh réadmhaoin acu nó a bhí ina gcéimithe ollscoile - cead vótála in 1918, nuair a ritheadh an Representation of People Act. 

An tUachtarán ag Ceiliúradh Lá Fhéile Bríde 2018
Previous engagement

An tUachtarán ag Ceiliúradh Lá Fhéile Bríde 2018

Gradam Ceoil TG4 á bhronnadh ag an Uachtarán, an phríomhghradam á bhronnadh ar Frankie Gavin
Next engagement

Gradam Ceoil TG4 á bhronnadh ag an Uachtarán, an phríomhghradam á bhronnadh ar Frankie Gavin