Cuairt an Uachtaráin ar Larionad UCD d’Eitic sa Saol Poiblí

Location: An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
{{ diary_page.title }}

Thug an tUachtarán Ó hUigínn an príomhaitheasc ag Lárionad UCD d’Eitic sa Saol Poiblí.


Ina aitheasc chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh bhunú an Lárionaid d’Eitic sa Saol Poiblí, agus d’éiligh sé tuilleadh anailíse agus machnamh grinn a dhéanamh i seomraí ranga, sna meáin agus i ndíospóireacht phoiblí. 

Ó insealbhaíodh é, tá iarracht déanta ag an Uachtarán Ó hUigínn plé náisiúnta a spreagadh ar an gcineál Éireann ar mhaith linn í a chruthú, agus ar na luachanna ar mhaith linn iad a chur chun cinn agus sinn ag lorg smaointe nua ar an gcaoi le dul i ngleic le cuid de na fadhbanna is práinní atá roimh Éirinn san am seo. 

Tharraing ‘Tionscnamh Eitice Uachtarán na hÉireann’, i gcomhar le raon eagras acadúil agus neamhbhrabúis, aird ar chruthaitheacht mhuintir na hÉireann agus ar a gcumas bealaí a shamhlú chun poblacht níos bríomhaire agus níos cuimsithí a fhíorú. 

Gradam Ceoil TG4 á bhronnadh ag an Uachtarán, an phríomhghradam á bhronnadh ar Frankie Gavin
Previous engagement

Gradam Ceoil TG4 á bhronnadh ag an Uachtarán, an phríomhghradam á bhronnadh ar Frankie Gavin

Fáiltíonn an tUachtarán roimh na comhaltaí ó Fhoireann Búistéireachta na hÉireann, roimh imeacht...
Next engagement

Fáiltíonn an tUachtarán roimh na comhaltaí ó Fhoireann Búistéireachta na hÉireann, roimh imeacht...