Fáiltíonn an tUachtarán roimh A.S. an Rí Carl XVI Gustaf, agus Silvia, Banríon na Súlainne

Location: (Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

Bhí Cuairt Stáit á tabhairt ag Rí Carl XVI Gustaf na Sualainne agus an Bhanríon Silvia ar Éirinn. Seo an dara Cuairt Stáit ag an Rí Carl XVI Gustaf ar Éirinn.

I rith na Cuairte Stáit, díríodh aird ar na naisc iomadúla stairiúla agus nua-aimseartha atá idir ár muintir, a chuir cruth ar aitheantais Eorpacha an dá thír, agus láidríodh a thuilleadh naisc sin an chairdis idir an tSualainn agus Éire.

D’fháiltigh an tUachtarán roimh an Rí agus an mBanríon, agus ina dhiaidh sin seinneadh amhráin náisiúnta an dá thír. Ansin, rinne an Rí iniúchadh ar Gharda Onóra speisialta agus chuir an Rí crann Darach Éireannach i ngairdín Áras an Uachtaráin.  

Tarlaíonn Cuairteanna Stáit mar thoradh ar chuireadh ó Uachtarán na hÉireann, agus cuirtear tús leo go léir le searmanas fáiltithe in Áras an Uachtaráin.

Ó toghadh é i mí na Samhna 2011, táthar tar éis roinnt Cuairteanna Stáit agus Oifigiúla a thabhairt ar an Uachtarán Ó hUigínn. Ba iad sin: 
·    An tUasal Armando Emílio Guebuza, Uachtarán Phoblacht Mhósaimbíc, Meitheamh 2014 
·    An tUasal Heinz Fischer, Uachtarán Phoblacht na hOstaire, Deireadh Fómhair 2014 
·    An tUasal Joachim Gauck, Uachtarán Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, Iúil 2015 
·    An tUasal Nicos Anastasiades, Uachtarán Phoblacht na Cipire, Deireadh Fómhair, 2016 
·    An tUasal Kolinda Graber-Kitarovic, Uachtarán Phoblacht na Cróite, Aibreán 2017 
·    An tUasal Sergio Mattarella, Uachtarán na hIodáile, Feabhra 2018 

Previous engagement

An tUachtarán i láthair ag cluiche idir Fánaithe Bhré agus Aontaithe na Gaillimhe

An tUachtarán agus Sabina i láthair ag dinnéar óstáilte ag A.S. an Rí Carl XVI Gustaf agus Silvia, Banríon na Súlainne
Next engagement

An tUachtarán agus Sabina i láthair ag dinnéar óstáilte ag A.S. an Rí Carl XVI Gustaf agus Silvia, Banríon na Súlainne