Chuir Ambasadóirí a gcuid Litreacha Creidiú faoi bhráid an Uachtaráin

Location: Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

Chuir Ambasadóirí Ríocht na hIorua, na hAstráile, agus Ríocht na Sualainne a gcuid Litreacha Creidiúna faoi bhráid an Uachtaráin in Áras an Uachtarán.

 

Bhí A Soilse Else Berit Eikeland, Ambasadóir Ríocht na hIorua, á tionlacan ag an Uasal Sølve Steinhovden, Leas-Cheannaire Misin.

Bhí A Shoilse Richard Andrews, Ambasadóir na hAstráile, á thionlacan ag a bhean chéile, Saovanee Andrews, agus ag an Uasal Simon Mamouney, Leas-Cheannaire Misin.

Thaistil A Soilse Anna Brandt, Ambasadóir Ríocht na Sualainne, ó Stockholm le haghaidh searmanas an lae inniu.  

Bhí an tUasal David Stanton, T.D., Aire Stáit sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais le freagracht ar leith maidir le Comhionannais, Inimirce agus Imeascadh, ina ionadaí thar ceann an Rialtais ag an searmanas.  
 

Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin ag Foireann Parailimpeacha na hÉireann
Previous engagement

Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin ag Foireann Parailimpeacha na hÉireann

An tUachtarán i láthair ag seoladh “When Ideas Matter: Speeches for an Ethical Republic"
Next engagement

An tUachtarán i láthair ag seoladh “When Ideas Matter: Speeches for an Ethical Republic"