Casann an tUachtarán Connolly le pobail & teaghlaigh Dhomhnach na Fola ar an dara lá dá cuairt oifigiúil ar Thuaisceart Éireann
Date: D 5 Feabh, 2026 | 20:40
Lean Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, ar aghaidh lena cuairt oifigiúil 3 lá le coinní éagsúla i nDoire Cholm Cille.
Thug an tUachtarán aitheasc do tuairim’s 100 aoi ag fáiltiú cathartha i Halla na Cathrach.
Thug Billy Moore an tUachtarán timpeall ar Mhúsaem an Léigir níos déanaí ar maidin. Chas an tUachtarán leis an Tiarna Willie Hay sa Músaem freisin.
Chuaigh an tUachtarán chomh fada leis an gCultúrlann ansin áit ar chas sí le daoine ó na ranganna Gaeilge chomh maith le rannpháirtithe de Cheol le Chéile, ceardlann taibhealaíon do dhaoine óga le riachtanais speisialta nó le mí-chumas.
Thug an tUachtarán cuairt ar Mhúsaem Shaor-Dhoire áit ar chonaic sí Taispeántas Dhomhnach na Fola agus ar chas sí le thart fá 50 ball teaghlaigh dóibh siúd a maraíodh nó a gortaíodh le linn Dhomhnach na Fola ar an 30ú Eanáir 1972.
Is i gCultúrlann Uí Chanáin a chuir an tUachtarán críoch leis an dara lá dá cuairt oifigiúil. Tugadh ar thuras an ionaid í agus chas sí le déagóirí agus páistí a bhí ag glacadh páirt i gceardlanna agus ranganna ceoil, códála agus beochana.
Cuirfidh an tUachtarán críoch lena cuairt oifigiúil 3 lá ar Thuaisceart Éireann le coinne eile maidin amárach i nDoire Cholm Cille.
Is í an céad chuairt oifigiúil de chuid Uachtaránacht an Uachtaráin Connolly atá i gceist le cuairt 3 lá an Uachtaráin go Tuaisceart Éireann agus an gealltanas a thug sí ina hóráid insealbhaithe gur ar Thuaisceart Éireann a thabharfadh sí a céad chuairt oifigiúil; chun casadh le daoine as na pobail éagsúla agus a n-oidhreacht saibhir agus a gcuid traidisiúin difriúla a cheiliúradh; á chomhlíonadh aici.