An tUachtarán Mícheál D Ó hUigínn le fáilte a chur roimh Uachtarán Phoblacht na hAfraice Theas, a Shoilse Cyril Ramaphosa, ar c
Date: M 7 Dfómh, 2025 | 23:01
Cuirfidh Uachtarán na hÉireann, an tUachtarán Mícheál D Ó hUigínn , fáilte inniu roimh Uachtarán na hAfraice Theas, a Shoilse Cyril Ramaphosa, ag Áras an Uachtaráin le haghaidh Cuairt Oifigiúil.
I ndiaidh fáilte searmanais, beidh cruinniú príobháideach ar siúl idir an dá Cheann Stáit, agus ina dhiaidh sin cruinniú déthaobhach idir a dtoscaireachtaí.
I ndiaidh na gcruinnithe beidh lón ann, agus beidh roinnt aíonna cuireadh i láthair ag na hUachtaráin agus a dtoscaireachtaí. Tabharfaidh an bheirt Uachtarán aitheasc uathu ag an lón.
Beidh roinnt aíonna a raibh baint acu leis an nGluaiseacht Frith-Apartheid thar na blianta i láthair ag an lón oifigiúil, ina measc ionadaithe ó Stailceoirí Frith-Apartheid Dunnes Stores, a raibh tionchar mór ag a ndiúltú déileáil le díol grapefruit ón Afraic Theas ag tosú i mí Iúil 1984 ar an gcóras apartheid, agus an t-iar-Tánaiste agus ball bunaitheach de Ghluaiseacht Frith-Apartheid na hÉireann, Joan Burto. Beidh an dlíodóir idirnáisiúnta um chearta an duine Blinne Ní Ghrálaigh KC i láthair ag an lón chomh maith.
President Higgins has met President Ramaphosa on a number of occasions over the years, with the two Heads of State most recently meeting in New York in September 2024, where they held a bilateral meeting at the United Nations headquarters during the UN General Assembly.
Tá baint ag an Uachtarán Ramaphosa le hÉirinn le fada an lá, agus ról suntasach aige sa Phróiseas Síochána i dTuaisceart Éireann. Mar chuid den obair sin, d’fhóin sé mar chigire arm sa Choimisiún Idirnáisiúnta Neamhspleách um Dhíchoimisiúnú i dTuaisceart Éireann agus rinne sé cigireachtaí in éineacht le hiar-Uachtarán na Fionlainne nach maireann, Martti Ahtisaari.
Thug an tUachtarán Ó hUigínn Cuairt Oifigiúil ar an Afraic Theas i mí na Samhna 2014, agus thug sé cuairt ar an tír mar Uachtarán i mí na Nollag 2013, áit ar fhreastail sé ar shochraid iar-Uachtarán na hAfraice Theas, Nelson Mandela.