Ráiteas ón Uachtarán Connolly ar bhás Ronnie Delany
Date: D 12 Márta, 2026 | 12:30
“Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom seasamh leo siúd ar fad a chuir a mbrón in iúl ar bhás Ronnie Delany.
Ba dhuine mór le rá é Ron i saol an spóirt. Tá an bonn óir a bhuaigh sé sa rás 1500 méadar in Melbourne i 1956, rás a chríochnaigh sé san am ba thapúla riamh ag na Cluichí Oilimpeacha ag an am, fós ar cheann de na móréachtaí is mó a baineadh amach riamh i stair spórt na hÉireann.
Mar an seachtú fear a sháraigh an míle ceithre nóiméad, ba lúthchleasaí den scoth é i ndáiríre a mbeidh cuimhne air go brách as a thaifead beagnach dosháraithe ar raonta faoi dhíon ar fud na Stát Aontaithe, a bhonn cré-umha i gCraobhchomórtais Lúthchleasaíochta na hEorpa 1958 agus as a bhonn óir ag Cluichí Domhanda na nOllscoileanna 1961.
Aithníodh an tionchar as cuimse a bhí aige ar shaol na hÉireann go cuí nuair a bronnadh na honóracha seo a leanas air: Saoirse Bhaile Átha Cliath in 2006, Dochtúir Oinigh sa Dlí ó UCD, Dochtúir i Litreacha Daonnachtúla ó Ollscoil Villanova agus le déanaí, nuair a tógadh dealbh de ina bhaile dúchais, an tInbhear Mór, i measc go leor onóracha eile.
Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl do mhuintir agus do chairde Ron, agus dóibh siúd uilig a spreag sé lena chuid éachtaí thar na glúnta.”