Ráiteas ó Mhicheál D. Ó hUiginn, Uachtarán na hÉireann
Date: S 25 Dfómh, 2025 | 19:08
“Labhair mé ar an teileafón tráthnóna leis an Uachtarán-tofa, Catherine Connolly.
Rinne mé comhghairdeas leis an Uachtarán-tofa ar an lá mór cinniúnach seo di féin agus dá teaghlach ar a toghadh mar dheichiú Uachtarán na hÉireann.
Gheobhaidh an tUachtarán-tofa tacaíocht iomlán na hOifige seo agus í ag ullmhú dá hinsealbhú an mhí seo chugainn.”