Media Library

Ráiteas ó Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly

Date: D 16 Samh, 2025 | 13:05

“Mar Uachtarán na hÉireann, tá mé go mór faoi bhrón agus buailte ag an drochscéal faoi chailliúint chúigear óg luachmhar i gContae Lú aréir.

Tá mo chuid smaointe leo féin, lena muintir agus leo siúd a gortaíodh.

Ba mhaith liom buíochas agus aitheantas a thabhairt do na chéad fhreagróirí ar fad a d’oibrigh gan stanadh chun tacú le gach aon duine a bhí bainteach.”