Tíolacann na hAmbasadóirí seo a leanas a gcuid Creidiúnais

Location: (Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

Chuir A Soilsí, Ambasadóir Phoblacht na Colóime, Ambasadóir Phoblacht Arabach na hÉigipte, Ambasadóir Pheiriú agus Ambasadóir Phoblacht na hAfraice Theas a gcuid Litreacha Creidiúnaithe faoi bhráid an Uachtaráin in Áras an Uachtaráin inniu.

Bhí A Soilse Patricia Cortés Ortiz, Uasal, Ambasadóir Phoblacht na Colóime, á tionlacan ag a céile, an tUasal Jaime Camargo Suárez agus a hiníon Aleksa Camargo Cortés agus ag an Uasal Andrés Echeverri, Leas-Cheannasaí Misin. 

Bhí A Shoilse, Khaled Wafik Ismail Sarwat, Uasal, Ambasadóir Phoblacht Arabach na hÉigipte, á thionlacan ag a bhean chéile Dalia Farid, Uasal agus a dtriúr mac, Omar, Ali agus Ismail, agus ag an Uasal Sherief Sharly Malaty, Leas-Cheannasaí Misin. 

Bhí A Soilse, Ana Maria Liliana Sanchez Vargas de Rios, Uasal, Ambasadóir Pheiriú, á tionlacan ag a hiníon Mariana Ríos, Uasal agus ag an Aire Alberto Gonzales, Leas-Cheannasaí Misin. 

Bhí A Soilse, Yolisa Maya, Uasal, Ambasadóir Phoblacht na hAfraice Theas á tionlacan ag a céile, an tUasal Zandisile Pase, a triúr mac, Sandisiwe Maya, Yandisa Pase agus Vuyo Maya agus ag an Uasal Willem Geerlings, Comhairleoir (Polaitíochta) in Ambasáid na hAfraice Theas. 

Bhí an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Katherine Zappone, Uasal, T.D., ina hionadaí ag an Rialtas ag an searmanas. 

Bhí na daoine seo a leanas i láthair, chomh maith:  An tUasal Art O’Leary, Ard-Rúnaí an Uachtaráin; An Coirnéal Liam Condon, Aide-de-Camp an Uachtaráin; A Soilse Barbara Jones, Uasal, Ambasadóir na hÉireann i Meicsiceo agus Peiriú agus Comhordaitheoir Réigiúnach RGET i Meiriceá Laidineach; An tUasal Feilim McLaughlin, an tUasal Joe Brennan, Marylee Wall, Uasal, agus an tUasal Patrick O’Reilly, Prótacal, An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. 

Previous engagement

An tUachtarán i láthair ag cluiche idir chlub peile Shelbourne agus Aontaithe na Gaillimhe

Fáiltíonn an tUachtarán roimh Bhernard-Henry Lévy
Next engagement

Fáiltíonn an tUachtarán roimh Bhernard-Henry Lévy