Fáiltíonn an tUachtarán roimh Bhernard-Henry Lévy

Location: (Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

Bhuail an tUachtarán Ó hUigínn leis an bhfealsamh, iriseoir agus scannánóir FrancachBernard-Henri Lévy.

Bhí an tUasal Lévy in Éirinn chun a dhráma aonair, ‘Looking for Europe’ a thaibhiú.

Phléigh an tUachtarán agus a chuairteoir raon leathan físeanna i dtaca le todhchaí na hEorpa, agus béim á leagan acu beirt ar an ngá le comhoibriú síochánta, comhtháthú sóisialta agus dlúthpháirtíocht phraiticiúil. 

Tá a chuid tuairimí ar thodhchaí na hEorpa leagtha síos ag an Uachtarán Ó hUigínn i roinnt óráidí, ina measc:

‘Meon nua á chruthú don Eoraip – i dtaca leis an dioscúrsa atá de dhíth orainn’ (Márta 2019).
‘An Dlúthpháirtíocht san Eoraip; Iontaofacht ar Shráideanna na hEorpa á Baint Amach’ – Aitheasc d’Institiúid Ollscoile na hEorpa (Bealtaine 2018).   
“Todhchaí á Gealladh don Aontas Eorpach chun dul i gCaidreamh lena Shaoránaigh – Dúshlán Comhroinnte” (Eanáir 2018).
Aitheasc an Uachtaráin Uí Uigínn ag Searmanas Beannaithe na hAthbhliana 2018 don Chór Taidhleoireachta (Eanáir 2018).
Aitheasc ag Fáiltiú roimh Chumann Eorpach na nIar-Theachtaí Parlaiminte (Meitheamh 2017) 
Aitheasc ag Searmanas Beannaithe na hAthbhliana 2017 don Chór Taidhleoireachta (Eanáir 2017) 
“Tráth Nua san Aontas Eorpach á Chruthú:  Fadhbanna agus Féidearthachtaí” – Aitheasc do Chumann na hÉireann um Léann Eorpach Comhaimseartha (Aibreán 2016). 

“An tAontas Eorpach – i dTreo Dioscúrsa Athcheangail, Athnuachana agus Dóchais” (Meán Fómhair 2015)
•  ‘I dTreo Aontas Eorpach na Saoránach’ – Aitheasc do Pharlaimint na hEorpa (Aibreán 2013) 

An tUachtarán i láthair ag Seimineár Poiblí maidir le héalú Banphrionsa Clementina na Polainne - taca an ama seo, trí chéad bliain ó shin
Previous engagement

An tUachtarán i láthair ag Seimineár Poiblí maidir le héalú Banphrionsa Clementina na Polainne - taca an ama seo, trí chéad bliain ó shin

Next engagement

Plaic chomórtha chun ómós a thabhairt do Leonard Cohen - “Made of Athy” - á nochtadh ag an Uachtarán