Chuir a Soilsí Ambasadóir na Poblachta Heilléanaí, Ambasadóir Phoblacht na Siombáibe agus Ambasadóir Chomhlathas na mBahámaí a gcuid Litreacha Creidiúnaithe faoi bhráid an Uachtaráin in Áras an Uachtaráin.
Rinne Kevin "Boxer" Moran, T.D., Aire Stáit sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, a bhfuil freagracht ar leith aige as Oifig na nOibreacha Poiblí agus as Bainistíocht a dhéanamh ar an mBaol Tuilte, ionadaíocht don Rialtas ag an searmanas.
Rinne Coimhdire Onóra, ina raibh díorma gluaisrothar ón Dara Scuadrún Marcra , Dún Chathail Bhrugha, Baile Átha Cliath, faoi cheannas an Leifteanaint Brian O’Shea na hAmbasadóirí a thionlacan chuig Áras an Uachtaráin agus ar ais. Chuir an 3ú Cathlán Coisithe as Dún Mhic Stiofáin, Cill Chainnigh, faoi cheannas an Dara Leifteanant Ben Nolke, Garda Onóra ar bun in Áras an Uachtaráin. Rinne an Captaen John Carpenter Banna Uimhir 1 an Airm as Dún Chathail Bhrugha, Baile Átha Cliath a stiúradh.