Cuairt an Uachtaráin agus Sabina chuig Irish Skills Live

Location: (Baile Atha Cliath) Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath, Cúirt Shíomoin

(Baile Atha Cliath) Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath, Cúirt Shíomoin

Dé Sathairn, 23rd Márta 2019

{{ diary_page.title }}

Thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn cuairt ar imeacht tionscnaimh Scileanna Éireann Beo san RDS i mBaile Átha Cliath. 

Reáchtálann an t-imeacht na Babhtaí Ceannais Scileanna Náisiúnta – comórtas de 20 scil éagsúil, agus téann na buaiteoirí i ngach scil ar leith ar aghaidh ar son na hÉireann chuig an gComórtas Scileanna Domhanda sa Rúis.  

Thar na blianta tá fáilte curtha ag an Uachtarán Ó hUigínn roimh an iliomad rannpháirtithe Éireannacha sa Chomórtas Scileanna Domhanda – comórtas ar thug an tUachtarán “Cluichí Oilimpeacha na ceardaíochta agus na printíseachta” air – chuig Áras an Uachtaráin. 

Ar na hócáidí sin labhair an tUachtarán faoin tábhacht a bhaineann leis an luach céanna a chur ar ábhair acadúla agus ghairmeacha inár gcóras oideachais.

Fáiltíonn an tUachtarán roimh A.S. Soha Samir Nashd Gendi, Ambasadóir na hÉigipte in Éirinn, ar chuairt chúirtéise, le slán a fhágáil
Previous engagement

Fáiltíonn an tUachtarán roimh A.S. Soha Samir Nashd Gendi, Ambasadóir na hÉigipte in Éirinn, ar chuairt chúirtéise, le slán a fhágáil

Next engagement

An tUachtarán agus Sabina i láthair ag léiriú de “Madame Butterfly”