D'fháiltigh an tUachtarán roimh A. Sh. Soha Samir Nashd Gendi, Ambasadóir na hÉigipte chun na hÉireann, ar chuairt chúirtéise, le slán a fhágáil inniu.
Nuair a shroicheann ambasadóirí deireadh a dtéarma, tugann an tUachtarán cuireadh dóibh teacht ar chuairt chúirtéise chuig Áras an Uachtaráin le buíochas a ghlacadh leis na hambasadóirí as a gcuid seirbhíse, le héisteacht lena dtaithí ar Éirinn agus le plé a dhéanamh ar thuairimí an ambasadóra atá ag imeacht ar cheisteanna atá bainteach leis an gcaidreamh déthaobhach.
Mínítear anseo an próiseas lena ndéantar ambasadóir a chreidiúnú.