Tíolacann na hAmbasadóirí a gCreidiúnais don Uachtarán

Location: Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

Chuir A Soilse, an tUasal Karen Van Vlierberge, Ambasadóir Ríocht na Beilge, A Soilse, an tUasal Lironne Bar Sadeh, Ambasadóir Iosrael agus A Shoilse, an Dr. Laurentiu-Mihai Stefan, Ambasadóir na Rómáine a gcuid litreacha creidiúna faoi bhráid an Uachtaráin, Micheál D. Ó hUigínn, in Áras an Uachtaráin inniu.

Bhí Tionlacan Onóra le díorma gluaisrothar ó Scuadrún Marcra an Dara Briogáid as Dún Chathail Bhrugha, Baile Átha Cliath, ina dteannta ar a mbealach chuig Áras an Uachtaráin agus ar ais, faoi cheannas an Leifteanant Colm Layton.  

Chuir an Chéad Chomplacht Coisithe Meicnithe, Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann, Campa an Churraigh, Co. Chill Dara Garda Onóra ar fáil in Áras an Uachtaráin faoi cheannas an Leifteanant Michael Hickey.

Bronnann an tUachtarán Boinn Óir Sheáin Uí Riada ar an gcláirseoir Fionnuala Donlon agus an píobaire Colm Broderick
Previous engagement

Bronnann an tUachtarán Boinn Óir Sheáin Uí Riada ar an gcláirseoir Fionnuala Donlon agus an píobaire Colm Broderick

Glacann Saidhbhín páirt i searmanas cuimhneacháin an Uileloiscthe
Next engagement

Glacann Saidhbhín páirt i searmanas cuimhneacháin an Uileloiscthe