Tugann an tUachtarán aitheasc i ndáil le Deasghnáth Bliantúil um Chuimhneachán agus Buíochas ag Cumann Duán na hÉireann

Bhí an tUachtarán Ó hUigínn i dteannta daoine as gach cúlra agus gach creideamh agus onóir á tabhairt do dheontóirí orgáin, ag an 35ú Seirbhís Bhliantúil Cuimhneacháin agus Buíochais de Chumann Duán na hÉireann.  

Craoladh an tseirbhís ar theilifís RTÉ. 

Tá an tUachtarán Ó hUigínn ina Phátrún ar Chumann Duán na hÉireann, agus ina theachtaireacht thug sé ómós do dheontóirí orgáin, idir bheo agus mharbh, a chuir ar chumas daoine glacadh leis an "tíolacadh sin is luachmhaire, an bheatha agus an mhaireachtáil.” 

In 2018, rinne an tUachtarán Ó hUigínn Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh trí chuireadh a thabhairt do dheontóirí orgáin, d'fhaighteoirí, agus dá muintir chuig Áras an Uachtaráín, chun dlúthpháirtíocht agus flaithiúlacht na ndeontóirí a cheiliúradh. Chun tuilleadh eolais ar an imeacht sin a fháil, cliceáil anseo.
 

Tugann an tUachtarán aitheasc ag Gala Domhanda Concern – ar scáth a chéile in aghaidh an ocrais
Previous engagement

Tugann an tUachtarán aitheasc ag Gala Domhanda Concern – ar scáth a chéile in aghaidh an ocrais

Tugtar an Tuarascáil Iniúchóra um Bithéagsúlacht in Áras an Uachtaráin don Uachtarán
Next engagement

Tugtar an Tuarascáil Iniúchóra um Bithéagsúlacht in Áras an Uachtaráin don Uachtarán