Labhair an tUachtarán Ó hUigínn ag searmanas bronnta céime ag an Ollscoil Oscailte in Éirinn.
Rinne sé comhghairdeas leis an 76 céimí as gach cearn d’Éirinn agus níos faide ó bhaile as an méid a bhain siad amach i réimse ábhar. Rinne an tUachtarán comhghairdeas freisin leis an Ollscoil Oscailte as 50 bliain a bhaint amach, agus as a prionsabal bunaithe chun an t-oideachas a oscailt do gach duine a bheith chomh hábhartha inniu is a bhí sé i 1969.