Fáiltíonn an tUachtarán roimh Ambasadóir an tSín go hÉirinn ar chuairt chúirtéise le slán a fhágáil

Location: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Dé Luain, 8th Aibreán 2019

{{ diary_page.title }}

D'fháiltigh an tUachtarán roimh A. Sh. An tUasal Dr Yue Xiaoyong, Ambasadóir an tSín chun na hÉireann, ar chuairt chúirtéise, le slán a fhágáil inniu.  

Ar theacht dóibh go hÉirinn, agus sular féidir leo tabhairt faoina gcuid dualgas, ní mór d’Uachtarán na hÉireann fáilte a chur rompu go hoifigiúil. Déantar ambasadóirí a chreidiúnú go hoifigiúil le dul ag obair in Éirinn a luaithe is a ghlacann an tUachtarán lena ndintiúir.

Nuair a shroicheann ambasadóirí deireadh a dtéarma, tugann an tUachtarán cuireadh dóibh teacht ar chuairt chúirtéise chuig Áras an Uachtaráin le buíochas a ghlacadh leis na hambasadóirí as a gcuid seirbhíse, le héisteacht lena dtaithí ar Éirinn agus le plé a dhéanamh ar thuairimí an ambasadóra atá ag imeacht ar cheisteanna atá bainteach leis an gcaidreamh déthaobhach.

Previous engagement

Nochtann an tUachtarán agus Sabina Plaic chomórtha leis an ealaintóir John Coll, i gcuimhne ar Dhonal Taheny

Fáiltíonn an tUachtarán roimh Conor Fox Uasal, a bhronnfaidh Sorn le Alfred Chisale ó Mhalawi
Next engagement

Fáiltíonn an tUachtarán roimh Conor Fox Uasal, a bhronnfaidh Sorn le Alfred Chisale ó Mhalawi