Bhronn an tUasal Conor Fox sorn cócaireachta as an Maláiv ar Saidhbhín agus ar an Uachtarán.
I rith a gcuairte ar an Maláiv in 2014, bhuail an tUachtarán agus Saidhbhín Ó hUigínn le déantóirí na sorn iniompartha, cócaireachta níos glaine seo, atá ag cabhrú le mná sa tír i nDeisceart na hAfraice adhmad tine a shábháil agus a sláinte a fheabhsú, mar nach dtáirgeann na soirn an oiread deataigh san ionad cócaireachta.
Treoraíonn Alfred Chisale, fear céile gus athair le beirt iníonacha, foireann 29 duine, lena n-áirítear 17 mbean, chun na soirn chré a tháirgeadh. Tá os cionn 40,000 teaghlach ag baint leas as na soirn a tháirgeann foireann Alfred.