Thug an tUachtarán Ó hUigínn cuairt ar Inse Chór chun saothar ealaíne de chuid Joey Burns a nochtadh i Scoil Náisiúnta Inse Chór.
Bunaíodh Scoil Náisiúnta Inse Chór in 1853 mar Mhodhscoil. Nuair a cuireadh tionscadal athchóirithe i gcrích in 2014, shocraigh an scoil dealbh adhmaid a choimisiúnú ó Joey Burns faoin scéim “Céatadán don Ealaín”.
Is tionscnamh de chuid an rialtais an scéim “Céatadán don Ealaín”, a tosaíodh in 1978, lenar féidir 1% de chostas tionscadail tógála a bhíonn á mhaoiniú as ciste poiblí a leithdháileadh ar choimisiúnú saothair ealaíne.
D’oibrigh an t-ealaíontóir Joey Burns le daltaí na scoile chun a gcuid smaointe a chuimsiú sna dealbha.